English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Féilte > Lá Fhéile Pádraig

Lá Fhéile Pádraig


Banna Píob Dhumha Cinn Aille, Lá Fhéile Pádraig, 2003Is é Lá Fhéile Pádraig lá náisiúnta na hÉireann agus bíonn sé á cheiliúradh ar 17 Márta gach bliain. Tá fás thar cuimse tagtha ar an imeacht ar fud an domhain agus ceiliúradh atá ann ar scaipeadh agus tionchar daoine Éireannacha ar fud na cruinne, le mórshiúlta agus máirseálacha i mbailte agus cathracha ar fud na cruinne.

In Éirinn, saoire phoiblí is ea Lá Fhéile Pádraig agus is minic go ndéantar é a cheiliúradh le mórshiúlta agus máirseálacha.

Drumadóirí ó thrí bhanna píob Acla, Lá Fhéile Pádraig 2003In Acaill tá na mórshiúlta a bhíonn ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig dírithe ar an iliomad bannaí píob ón gceantar. Tá traidisiún fada de bhannaí píob in Acaill, agus tá go leor de na bannaí bunaithe le níos mó ná 50 bliain.

Go traidisiúnta is é Lá Fhéile Pádraig buaicphointe na bliana do na bannaí píob in Acaill, agus cuireann siad lárphointe drámatúil ar fáil do cheiliúradh Lá Fhéile Pádraig ar Oileán Acla agus ar Leithinis an Chorráin.

Tosaíonn na bannaí píob ag mairseáil le fuaim mhíleata ag éirí na gréine, agus bíonn siad ag seinm ar feadh an chuid is mó den lá - ag tógáil sosa in amanna do shóláistí. I gcás bannaí ar leith, ní thagann críoch leis an siúlóid ach ag luí na gréine. Tugann an sceideal seo deis do chuairteoirí agus don lucht féachana a bheith páirteach leis na bannaí ar feadh tamaill agus ansin taitneamh a bhaint as na nithe eile is díol spéise in Acaill - ina measc seo don turasóir gníomhach tá spóirt uisce, galfcnocadóireacht, agus don chuairteoir atá ag iarraidh an saol a thógáil go réidh tá go leor bialann agus beár le sult a bhaint astu.

Is éard a bhíonn in Acaill ar Lá Fhéile Pádraig ceiliúradh traidisiúnta, ar féidir sult a bhaint as agus ceiliúradh ar lá náisiúnta na hÉireann.