English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Gníomhaíochtaí > Spóirt Uisce

Spóirt Uisce ar Acaill, Co. Mhaigh Eo, Éire


Clair surfála ag an gCaol, Oileán AclaTabhair cuairt ar Acaill do cheann de na roghanna is fearr spóirt uisce atá ar fáil in Éirinn.

Cuireann an ceithre Thrá le Brat Gorm áit shábháilte snámha ar fáil do gach duine, idir teaghlaigh le páistí agus daoine atá dáiríre faoi shnámh san fharraige. Tá an-tóir ar na tonnta Atlantacha ag trá an Chaoil mar áit fheiliúnach do shurfáil agus cadhcáil mhara. Tá loch mór, éadomhain intíre ag an gCaol thar a bheith feiliúnach do churachóirí agus daoine a bhíonn ag clárseoltóireacht ar gach cumas. Ciallaíonn na huiscí gléghlana atá in Acaill agus an éiceolaíocht shaibhir mhara go bhfuil sé díreach ceart do thumadóireacht scúba.

Geolta AclaCuireann líon áirithe de sholáthróirí áitiúla trealamh spórt uisce ar cíos, cláir shurfála go háirithe, cláir shurfála éadroma, canúnna agus cadhcáil mhara. Bíonn gníomhaíochtaí spórt uisce á dteagasc ar an gCaol, clársheoltóireacht san áireamh. Tá bun éadomhain ag an loch mór ag an gCaol agus tá sé thar a bheith feiliúnach do thosaitheoirí atá ag foghlaim conas clársheoltóireacht a dhéanamh. Do na clársheoltóirí níos cumasaí, tugann na bristeacha Atlantacha ag An Trá Mhór (An Caol) dúshlán maith dóibh.

Tá stair fhada mhuirí ag Acaill agus éiceolaíocht shaibhir mhuirí. Ciallaíonn siad seo, chomh maith leis na huiscí gléghlana thart ar Oileán Acla agus Leithinis an Chorráin, go bhfuil an áit feiliúnach do thumadóireacht scúba. Tá dhá scoil tumadóireachta scúba ag feidhmiú in Acaill.