English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Nithe is díol spéise do thurasóirí > Cnocadóireacht

Cnocadóireacht in Acaill, Co. Mhaigh Eo, Éire


Radharc ar an Sliabh Mór, Oileán Acla, ÉireTá cuid de na siúlóidí agus fálróid is fearr in Éirinn le fáil ar Oileán Acla agus ar Leithinis an Chorráin.

Éagsúil ó go leor ceantar siúil eile in iarthar na tíre, tá an chuid is mó den tírdhreach in Acaill faoi chomhúinéireacht, rud a chiallaíonn go bhfuil sé oscailte agus inrochtana do chnocadóirí. Is beag claí nó fálta atá sna ceantair ar thalamh ard Acla, más ann dóibh ar chor ar bith.

Amach thar imeall na haille, An Sliabh Mór. Féile Siúlóidí Acla 2003Is iontach é tírdhreach Acla do choisithe ar gach leibhéal.

Is in Acaill íochtar atá an dá chnoc is airde - is féidir teacht ar an Sliabh Mór (671 méadar) ón oirthear ag Dumha Goirt nó ó na fánaí thiar-theas os cionn an Bhaile Tréigthe. Seasann Croaghaun (668 méadar) go láidir ar an taobh thiar d'oileán Acla agus ar thaobh inrochtana an oirthir de tá aillte carraigeacha ingearacha - deirtear gurb iad na haillte farraige is airde san Eoraip.

Eagraíonn Turasóireacht Acla Féile Siúlóidí bhliantúil agus is i mí Mhárta a bhíonn sé ar siúl. San imeacht seo bíonn siúlóidí treoraithe ó threoraí cáilithe i scileanna sléibhe, a thugann stair agus béaloideas áitiúil do dhaoine chomh maith le nodanna faoi scileanna sléibhe agus léargas ar sheandálaíocht agus geolaíocht na háite.

treoirleabhar a thugann sonraí ar cheithre shiúlóid déag in Acaill ar fáil freisin ó Thurasóireacht Acla. San fhoilseachán dátheangach seo (Béarla agus Gaeilge) tá léarscáileanna agus eolas ar phointí a mbaineann spéis leo ar an gceithre shiúlóid déag ar fad.