English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Féilte

Féilte agus Imeachtaí

Bíonn roinnt féilte agus imeachtaí ar siúl in Acaill i gcaitheamh na bliana.

Cnocadóireacht ar Oileán Acla, Éire


Féile Siúlóidí
Bíonn Féile Siúlóidí Acla ar siúl i mí Mhárta agus tá sé ar cheann de na céad imeachtaí ar fhéilire siúlóide na hÉireann.

Ceoltóirí ag Scoil Acla, Oileán Acla, Éire


Scoil Acla
Tá Scoil Acla ar cheann de na scoileanna samhraidh is sinne in Éirinn, agus bíonn teagasc le fáil ann sa cheol, damhsa agus cultúr traidisiúnta Éireannach.

Geoltaí Acla


Féile Geoltaí
Báid seoil thraidisiúnta le cabhail adhmaid iad geoltaí Acla. San fhéile samhraidh seo tá rásaí idir foirne geoltaí áitiúla.

Bannaí Píob, Oileán Acla, Éire


Lá Fhéile Pádraig
Bíonn ceiliúradh traidisúnta Éireannach ar siúl in Acaill ar an Lá Náisiúnta, máirseálacha le bannaí píob ina measc.

Luí na gréine ar an gCaol, Oileán Acla


An Bhliain Nua
Tá Acaill ar cheann de na pointí is iartharaí san Eoraip agus is áit iontach atá ann le féachaint ar an ngrian ag dul faoi den uair dheireanach sa bhliain.