English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Daoine Cáiliúla ar Acaill


Plaic chuimhneacháin á nochtadh don ealaíontóir Paul Henry, Deireadh Fómhair 2003Meallann suíomh iargúlta Acla agus a tírdhreach iontach liosta fada de charachtair shuimiúla, idir ealaíontóirí agus scríbhneoirí a bhíonn ar thóir foinse inspioráide chomh maith le cumadóirí and nuálaithe. Tá neart laochra agus rógairí feicthe ag Acaill freisin:


Heinrich Boll
Ba sna 1950idí a thug an t-úrscéalaí Gearmánach Heinrich Boll cuairt ar Acaill den chéad uair. Tá cur síos ar an taisteal a rinne sé ar fud na hÉireann agus ar an gcéad uair a d'fhan sé in Acaill le fáil sa leabhar, 'The Irish Journey', a foilsíodh ar dtús sa bhliain 1957. Tugann an leabhar seo léargas iontach agus greannmhar scaití, ar shaol Acla ag an am. Bhí Heinrich Boll chomh tógtha sin le hAcaill gur tháinig sé ar ais gach samhradh, agus gur fhan sé i dteachín ag Dumha Goirt i rith na 1960idí agus go luath sna 1970idí. Sa bhliain 1973 tugadh aitheantas dó nuair a bronnadh Duais Nobel don Litríocht air.

Barr an Leathanaigh


An Captaen Boycott
Bhí an Captaen Charles Cunningham Boycott ina chaptaen ar airm na Breataine tráth agus d'éirigh sé as a phost chun a shaol a chaitheamh mar fhear uasal tuaithe. Ba sa bhliain 1856 a tháinig sé chomh fada le Acaill ar dtús agus thóg sé talamh ar léas in iarthar Oileán Acla. Bhí Trá na Coime, áit ar chur sé faoi ar feadh seal ghairid, chomh maith lena lán de Chruachán i measc a ghabháltas. Ina dhiaidh sin chur sé faoi i dTeach an Choire Mhóir, thíos faoin loch ag an gCoire Mhóir. Chaith Boycott thart ar 20 bliain in Acaill agus deirtear gur tiarna talún crua a bhí ann. Sa bhliain 1873 bhog sé go heastát ar Loch Measca, ar an mórthír i gCo. Mhaigh Eo, agus ba ansin a d'éirigh na tionóntaí eastát amach agus dhiúltaigh siad baint ná páirt a bheith acu leis an Iar-Chaptaen. Tháinig focal nua chun cinn sa Bhéarla mar thoradh ar an eachtra seo - 'baghcat' a dhéanamh, focal a chiallaíonn neamhaird a dhéanamh ar dhuine nó rud éigin.

Barr an Leathanaigh


Gráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille)
Tá cáil ar Ghráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille) i scéalta béaloidis mar 'bhanríon na bhfoghlaithe mara', mar aitheantas ar an gcleachtas a bhí aici muirir a ghearradh ar shoithí a bhí sna huiscí a raibh smacht aici orthu ón áit a raibh sí lonnaithe in Acaill (Túr Chill Dhamhnait) agus Cliara. Mhair an bhean iontach seo am éigin idir 1530 agus 1603 agus ba bhall de Chlann Uí Mháille a bhí inti, grúpa teaghlaigh Ghaelach a raibh smacht acu ar cheantar Chuan Mó i gCo. Mhaigh Eo. Smaoinítear uirthi mar ghaiscíoch fíochmhar, agus leis an scéal a dhéanamh níos fearr bhí na heachtraí agus na cathanna a raibh sí páirteach iontu ag déanamh beag d'údarás na rialtóirí Briotanacha ag an am. Chuaigh sí go Londain ar bhád chun cruinniú a bheith aici le Banríon Éilis; cruinniú idir b'fhéidir, an bheirt bhan is cumhachtaí san Eoraip ag an am.

Barr an Leathanaigh


Graham Greene
Thug an t-úrscéalaí Sasanach, Graham Greene, cuairt ar Acaill cúpla uair go deireanach sna 1940idí. Bhí teachín saoire ag a leannán, Catherine Walston an banóstach Meiriceánach, i nDumha Acha. Bhain Greene taitneamh as draíocht tuaithe an teachín agus saol ar an oileán, agus scríobh sé cúpla uair faoi Acaill ina litreacha agus i nótaí a dhialann. Deirtear gur chríochnaigh sé a úrscéal 'The Heart of the Matter' sa teachín ag Dumha Acha, agus gur scríobh sé cuid den úrscéal 'The Fallen Idol' ann freisin.

Barr an Leathanaigh


Robert Henri
Ba sa bhliain 1914 a thug an t-ealaíontóir Meiriceánach, Robert Henri (1865-1929), cuairt ar Acaill ar dtús lena bhean chéile Marjorie, a rugadh i mBaile Átha Cliath. Thaitin saol an oileáin leis ar an bpointe boise agus bhí sé an-tógtha le soineantacht na bpáistí áitiúla go háirithe. D'fhill an lánúin ar Acaill i 1924, i ndiaidh an Chogaidh Chathartha, agus d'fhan siad ann gach samhradh ina dhiaidh sin ar feadh ceithre bliana. Phéinteáil Henri an t-uafás portráid de na páistí áitiúla le linn dó a bheith ag fanacht i dTeach an Choire Mhóir.

Barr an Leathanaigh


Paul Henry
Ba sa bhliain 1910 a thug Paul Henry (1876-1958), ealaíontóir a rugadh i mBéal Feirste, cuairt ar Acaill ar dtús lena bhean chéile Grace. Ealaíontóir ab ea Grace freisin. Fuair Paul inspioráid ón tírdhreach áitiúil agus saol na tuaithe, agus d'fhan muintir Henry in Acaill ar feadh an chuid is mó den naoi mbliana ina dhiaidh sin. D'fhan Paul Henry in áiteanna difriúla ar fud Acla, go háirithe sa cheantar thart ar an gCaol, ach ag an gCloich Mhóir agus Dumha Goirt freisin. Tá a phéintéireachtaí den saol ar an oileán beagnach íocónach anois - go háirithe 'Launching the Currach', a thaispeánann iascairí ag dul amach ar an bhfarraige i mbád traidisiúnta atá clúdaithe i gcanbhás, ó Thrá na Coime, agus 'The Potato Diggers', a thaispeánann mná áitiúla ag tochailt do phrátaí ar thaobh na gcnoc in Acaill.

Barr an Leathanaigh


James Lynchehaun
Tá James Lynchehaun ar cheann de na carachtair is clúití a tháinig as Acaill riamh. Ba as Gob an Choire ó dhúchas é, agus bhí sé mar aibhéardaí do bhantiarna talún Sasanach, Agnes McDonnell, Uasal, a raibh maoin agus talamh aici i dTóin an tSeanbhaile. Tharla eachtra i 1894 inár rinneadh ionsaí brúidiúil ar Bhean McDonnell agus cuireadh a teach trí thine. Ba é Lynchehaun an príomhdhuine a raibh amhras faoi agus gabhadh é maidir leis an gcoir. Ach d'éalaigh sé ó choimeád agus thug sé an bóthar leis go Meiriceá áit ar éiligh sé go raibh rún polaitiúil ag baint leis (úinéir talún Briotanach a bhí san íobartach, ag am a raibh an dearg-ghráin i measc na nÉireannach dúchasach i gcoinne na gcóilíneacha Briotanacha). Rinne a chás stair ó thaobh an dlí de sna Stáit Aontaithe, nuair a rialaigh siad nach bhféadfaí é a eiseachadadh do rud a ghlac siad leis mar ghníomh polaitiúil.

Barr an Leathanaigh