English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Tírdhreach Acla


An tEanach, Oileán AclaTá Oileán Acla suite ag domhanleithead de thart ar 10 gcéim i dtreo an iarthair agus tá limistéar talún de thart ar 57 míle cearnach ann. Tá tíreolaíocht Acla déanta de mheascán de ghnéithe oighreacha agus de ghnéithe cósta. Cruthaíonn suíomh Acla mar cheann de na hoileáin is iartharaí san Eoraip, agus éifeachtaí aeráide Shruth na Murascaillle, meascán ar leith de fhlóra agus fána.

Is iad an dá bhinn is airde in Acaill an Sliabh Mór (671 méadar) agus Cruachán (668 méadar). Tá cúig loch coire ar na fánaí ar Chruachán, atá suite i dtreo iarthair Acla. Ina measc seo tá Loch Bhun na Fréimhe Thiar, atá suite go neamhchinnte ag os cionn 300 méadar os cionn leibhéal na mara, agus Loch na Ciaróige Thiar (An tEanach), atá ar an loch coire is ísle in Éirinn, ag díreach os cionn 15 méadar os cionn leibhéal na mara. Ar an taobh ó thuaidh de Chruachán tá aillte iontacha, atá thart ar dhá mhíle ar fhad agus suas le 600 méadar ar airde, agus deirtear gurb iad na muiraillte is airde san Eoraip. Ábhar cainte is ea an raibh beanna Chruacháin agus an tSléibhe Móire clúdaithe le hoighear i rith na tréimhsí oighrithe; gné shuimiúil amháin a bhaineann leis an dá bhinn is ea go bhfuil flóra alpach-Artach gann, cosúil le haiteal le fáil orthu. Beanna suntasacha eile in Acaill is ea Mionnán (466 méadar) agus Cnoc an Chorráin (524 méadar).

Tá dhá thrian d'Oileán Acla clúdaithe le móin (portach) agus is dócha gurb é seo is cúis leis an líon sách beag de speicis phlandaí dúchasacha atá ar an oileán. Is é fraoch an cineál flóra is coitianta ar an oileán, agus is beag crann atá le fáil ar Oileán Acla seachas coill Ghleann Dairbhre in aice le Gob an Choire. Ar Leithinis an Chorráin tá foraoisí (tráchtála) curtha ar phíosa sách mór talún le blianta beaga anuas.

Gné shuimiúil de thírdhreach Acla is ea na limistéir de mhachaire. Tagann an téarma machaire ón bhfocal Gaeilge, a chiallaíonn píosa de thalamh cothrom. I dtéarmaí tíreolaíocha tagraíonn sé do mhachairí móra de ghaineamh atá séidte ag an ngaoth a fhoirmíonn taobh thiar de thránna gainmheacha. Ní tharlaíonn an feiniméan seo ach amháin ar chósta iar-thuaisceart na hÉireann agus in áiteanna in Albain. Tá trí cheantar de mhachaire in Acaill, ag Dumha Goirt, Tóin an tSeanbhaile agus An Caol. Tá suim eolaíoch ar leith sa ghnáthóg ghann seo agus tá an ghnáthóg á cosaint ag treoir ón AE.

Bunús amháin a d'fhéadfadh a bheith ag an ainm Acla is ea an focal Gaeilge 'acaill', a chiallaíonn iolar, agus bhí ceann de na tagairtí is luaithe ar oileán Acla sa bhliain 1235, áit a dtagraíonn Annála Loch Cé ar 'Eccuill' (Oileán an Iolair). Sna céadta ina dhiaidh sin dhéanfadh taistealaithe tagairt do na hiolair fíréan, iolair farraige le heireaball bhána in Acaill, a bhíodh le fáil go ginearálta ar bheanna Chruacháin go háirithe. Ba sa bhliain 1912 a chonacthas iolar in Acaill den uair dheireanach. Fós faightear líon áirithe de speicis éan gann in Acaill, an cág cosdearg, feadóg bhuí agus fabhcún gorm ina measc. Is minic a n-úsáideann géanna ghiúrainn loch an Chaoil mar áit sosa le linn dóibh bheith ar imirce.