English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Nithe is díol spéise do thurasóirí > An tEanach

An tEanach, Acaill, Co. Mhaigh Eo, Éire


An tEanach, Oileán Acla, ÉireCeann de na háiteanna is iargúlta agus is drámata ar Oileán Acla is ea an tEanach. Suite ar chósta tuaisceartach Acla, tá loch coire iontach agus trá bheag, ghainmheach le fáil sa ghleann géar seo agus is de shiúl na gcos thar na cnoic nó i mbád amháin ar féidir teacht air.

Níl an loch coire i gcroílár an Eanaigh - Loch na Ciaróige Thoir - ach 16 méadar os cionn leibhéal na mara agus tá sé ar an loch coire is ísle in Éirinn. Is breá an loch coire oighreach atá ann, deighleann a moiréan an loch fionnuisce seo ó uisce na farraige i gCuan an Fhóid Duibh ó thuaidh d'Acaill.

Tá stair fhada ag an Eanach, agus léiríonn tuama meigiliteach a fuarthas san áit go raibh daoine ina gcónaí ann suas le 5000 bliain ó shin.

An tEanach, Oileán AclaTá fothracha baile buaile le fáil siar ón loch ag an Eanach. Tagraíonn buailteachas don chleachtas a bhaineann le bheith ag maireachtáil in áit amháin ar feadh achar áirithe den bhliain - mar shampla, aire a thabhairt do bheithigh ar féarach samhraidh - agus in áit éigin eile ar feadh an chuid eile den bhliain. Tá Acaill ar cheann de na háiteanna deireanacha san Eoraip ina gcleachtaítear buailteachas. Gné shuimiúil amháin a bhaineann leis an mbaile buaile ag an Eanach is ea bothán cloiche chiorclaigh a d'fhéadfadh gur 'teach allais' a bhí ann. Seanseomraí allais a bhí iontu seo agus bhíodh tine taobh istigh den fhoirgneamh. Baineadh úsáid astu le cóir leighis a chur ar dhaoine le scoilteacha.