English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Nithe is díol spéise do thurasóirí > Tránna

Tránna in Acaill, Co. Mhaigh Eo, Éire


Tránna leis an mBrat Gorm ar Oileán Acla, ÉireTá ceithre thrá ar Oileán Acla le Brat Gorm acu agus cuid de na tránna is pictiúrtha in Éirinn ina measc. Seo a leanas cuid de thránna Acla:


 
 


Trá na Coime

Trá ag Cuan na Coime, Oileán AclaTá trá ghaineamheach bhán na Coime lonnaithe i gcuan iontach atá i gcruth crú capaill (féach Trá na Coime) agus tá taobhanna géara ar dheis agus ar chlé, chomh maith le gleann géar ag cúl na trá. Deirtear gur bheannaigh Naomh Pádraig an cuan foscaithe seo nuair a chaith sé tréimhse ar Chruach Phádraig. De réir an bhéaloidis, bhreathnaigh Naomh Pádraig amach ón gcnoc agus chonaic sé an trá órga na Coime agus dúirt sé nach mbáfaí aon duine riamh sna huiscí ann. Sa lá atá inniu ann bíonn gardaí tarrthála ag faire amach do chúrsaí sábháilteachta le linn míonna an tsamhraidh.

Barr an Leathanaigh


An Trá Mhór (An Caol)

An Trá Mhór, An Caol, Oileán AclaIs trá bhreá ghainmheach é An Trá Mhór atá thart ar 4km ar fad. Ceanglaíonn sé baile an Chaoil le Dumha Cinn Aille agus tá radhairc iontacha le feiceáil d'Aillte Mhionnáin ar an taobh thoir den trá.

Bíonn an-tóir ag díograiseoirí spórt uisce ar an trá seo, go háirithe daoine a bhíonn ag surfáil a bhaineann an-sult as bristeacha móra an Atlantaigh. Do shnámhóirí, is é an taobh thoir (An Caol) den Trá Mhór an t-aon áit shábháilte le dul ag snámh de bharr sruthanna láidre faoin bhfarraige. Tá comharthaí rabhaidh in airde a leagan amach go soiléir na háiteanna atá sábháilte do shnámh.

Ag cúl na trá gainmhí tá trá stoirme atá ann de thoradh bollán agus scaineagáin caite ar an trá le linn stoirmeacha. Scarann na carraigeacha seo an trá ón áit íseal cothrom taobh thiar den Trá Mhór, áit a bhfuil Club Gailf Acla suite. 'Machaire' atá san áit seo, gnáthóg atá ainmnithe mar áit lena mbaineann suim speisialta eolaíoch agus nach féidir a fháil ach ar chósta iarthar na hÉireann ó Ghaillimh go Dún na nGall (níl machaire le fáil in áit ar bith eile san Eoraip ach amháin in Albain).

Barr an Leathanaigh


Dumha Éige

Dumha Éige, Oileán AclaTá seanbhaile iascaireachta Dhumha Éige ar an taobh ó dheas d'Oileán Acla agus is áit iontach do shnámh sa samhradh é an trá bheag ó dheas ag Cuan Camport. Tá Dumha Éige - agus Cuan Camport - ar Bhóthar an Atlantaigh in Acaill, bóthar álainn le cósta a bhreathnaíonn amach ar an Aigéan Atlantach ar an imeall ó dheas d'Oileán Acla.

Bhí Dumha Éige é féin ar cheann de na bailte deireanacha a raibh Gaeilge á labhairt ann in Acaill, agus tá sé fós mar chuid den Ghaeltacht (ceantar atá ainmnithe mar áit ina labhraítear Gaeilge). Le linn an tsamhraidh bíonn fáil ar ionad gníomhaíochta saoire do pháistí agus is trí mheán na Gaeilge a reáchtáiltear na ranganna ar fad.

Tá trá éadomhain, fhoscaithe i gCuan Camport agus tá sé thar a bheith áisiúil do spóirt uisce agus snámh. De bhrí is go bhfuil sé suite píosa amach ó na ceantair a mbíonn tóir ag turasóirí orthu in Acaill, is minic nach mbíonn an trá seo chomh gnóthach leis na tránna eile in Acaill a bhfuil Brat Gorm acu.

Barr an Leathanaigh


Dumha Goirt

Tránna i nDumha Goirt, Oileán Acla, ÉireTá dhá thrá le Brat Gorm acu i nDumha Goirt, ar an taobh ó thuaidh d'Oileán Acla. Is é an baile stairiúil seo an chéad áit in Acaill a thug faoin turasóireacht agus is ann a bunaíodh an chéad óstán a bhí ar an oileán (Achill Mission Hotel, Óstán an tSléibhe Mhóir a tugadh air ina dhiaidh sin) anseo sa bhliain 1840. Is chuig Dumha Goirt a tugadh an t-ealaíontóir Paul Henry ar dtús nuair a tháinig sé ar cuairt chuig Acaill sa bhliain 1910, cé gur ar an gCaol a shocraigh sé é féin gan mhoill, áit nach raibh chomh forbartha sin (ag an am).

Is amach ar Chuan an Fhóid Duibh agus ar Leithinis Bhéal an Mhuirthead, atá le feiceáil go soiléir ó thuaidh atá an dá thrá le Brat Gorm i nDumha Goirt. Tugtar Trá Bhearnaidh na gCapall ar an trá níos mó. Tagann an t-ainm ón nGaeilge a chiallaíonn an trá a bhaineann le bearna na gcapall. Tagraíonn sé d'amanna nuair a baineadh úsáid as capaill le feamainn a iompar ón gcladach go dtí na goirt áitiúla chun é a úsáid mar leasú.

Tugadh trá Pholl an Mhadaidh ar an dara trá le Brat Gorm i nDumha Goirt agus tá an trá níos lú seo ar foscadh ag an Sliabh Mór. Ar Lá Caille is ar an trá seo a bhíonn an chéad snámh den bhliain ar siúl agus téann muintir cróga na háite (agus turasóirí) isteach san uisce.

Barr an Leathanaigh