English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Nithe is díol spéise do thurasóirí > Bóthar an Atlantaigh

Bóthar an Atlantaigh in Acaill, Co. Mhaigh Eo, Éire


Bóthar an Atlantaigh ar Oileán Acla, ÉireTá achar de thart timpeall ar 57 míle cearnógach in Acaill ach tá os cionn 80 míle de chósta thart timpeall air - na góilíní agus na sparraí uile ina measc. In áiteanna áirithe, téann na bóithre (go ginearálta) le cósta agus tá dhá phíosa bóthair ainmnithe mar Bhóthar Chósta Acla.

Déanann an dá phíosa bóthair seo ar a dtugtar 'Bóthar an Atlanaigh' aistear iontach le radhairc ghleoite agus is féidir taisteal orthu sa charr, ar rothar nó de shiúl na gcos.

Lúb 1: Leithinis an Chorráin
Tosaíonn an chéad chuid de Bhóthar an Chósta ar an Mala Raithní, gar don acomhal idir príomhbhóthar an N59 agus an R319 a théann chomh fada le hAcaill. Ag teacht chuig taobh na Mala Raithní den acomhal seo, feictear bealach Bhóthar an Atlantaigh ar chlé, sula dtagann tú ag acomhal níos mó. Feictear comhartha a deir 'An Corrán' ann.

Ba cheart go mbeadh an chéad phointe shuimiúil le feiceáil ar an taobh chlé taobh istigh de chúpla céad méadar ón áit a dtosaíonn tú ar Bhóthar an Atlantaigh. Ba cheart go bhfeicfeá (chomh fada is atá an taoide ceart) trá órga Mhala Raithní, trá le Brat Gorm. Nuair a théann tú timpeall an coirnéail agus nuair a fhágann tú na teachíní atá scaipthe thart i do dhiaidh, is é Cuan Mó a fheicfidh tú ar chlé. Beidh tú ag leanúint an taobh ó thuaidh den Chuan seo, áit a ndeirtear a bhfuil 365 oileán. Ar an taobh ó dheas de Chuan Mó tá sraith sléibhte, cruth pirimide suntasaigh Chruach Phádraig (764 méadar) ina measc. Ag béal Chuan Mó tá Cliara, a bheidh le feiceáil agat díreach amach romhat. Taobh istigh ar do thaobh dheas tá Leithinis an Chorráin agus ba cheart go bhfeicfeá an charraig rua a bhaineann leis in áiteanna le taobh an bhóthair.

Túr Ghráinne Mhaol ag Cill Dhamhnait, Oileán AclaAr an bpíosa cúng bóthair seo tá roinnt leataobhanna agus áiteanna páirceála, ina measc suíomh cuimhneacháin Armáid na Spáinne. Tógadh an plaic chloiche anseo i gcuimhne ar long na hArmáide, San Nicolas Prodaneli a scriosadh in aice leis an Túr Glas (An Corrán) sa bhliain 1558. Nuair a leanann tú ar aghaidh ar an mbóthar casta seo, feiceann tú teachíní ag teacht chun cinn de réir a chéile mar a théann tú trí bhailte An Dumhach Beag agus Buaile an Ghleanna agus i dtreo bhaile an Chorráin. Sa bhaile seo tráth bhí cónaí ar an Uasal Robert Peel, bunaitheoir fórsa póilíní na Breataine, agus bhíodh mianach oibre copair sa bhaile freisin. Bunaíodh gairdín trópaiceach sa 19ú hAois i dTeach an Chorráin, áit a raibh cónaí ar an tiarna talún Dickens. Is fada anois atá an gairdín imithe i léig, ach tá teach tábhairne áitiúil ar a dtugtar 'The George' anois san áit ina raibh an foirgneamh stairiúil suite.

Nuair thiomáineann tú trí bhaile an Chorráin bíonn tú ag tiomáint comhthreomhar le cósta oirdheisceart Oileán Acla, atá le feiceáil amach thar uiscí Ghob an Choire. Ba cheart go mbeadh an túrtheach ón 16ú hAois ag Cill Dhamhnait le feiceáil go soiléir amach thar an uisce, in aice le stáisiún an bháid tarrthála agus an bád tarrthála oráiste atá ann.

Lean ar aghaidh le cósta ar feadh cúpla míle go dtí go dtagann tú ag acomhal leis an R319, áit a bhfuil comhartha do Ghob an Choire. Téigh ar chlé agus lean leis an mbóthar seo ar feadh cheithre mhíle go dtí an droichead ag Gob an Choire.

Bóthar an Atlantaigh ar lean »