English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Gníomhaíochtaí

Gníomhaíochtaí in Acaill, Co. Mhaigh Eo, Éire

De bharr tírdhreach Acla de shléibhte creagacha, lochanna fionnuisce, tránna cúlráideacha agus cósta an Atlantaigh, is áit iontach é do réimse leathan gníomhaíochtaí amuigh faoin aer.

Cnocadóireacht ar Oileán Acla, Éire


Cnocadóireacht
In Acaill tá cuid de na bealaí siúil ar chnoic agus na fálróidí is iontaí a bhfuil ar fáil in Éirinn, chomh maith le siúlóidí eile a fheileann gach cineál cumais.

Galf ar Oileán Acla, Éire


Galf
Tá machaire gailf dúshlánach naoi bpoll le fáil in Acaill, agus ar na cúrsaí atá i bhfoisceacht na háite tá Cathair na Mart agus An Charn (Béal an Mhuirthead).

Bád iascaireachta amach ó Oileán Acla, Éire


Iascaireacht
Is féidir cuid den slatiascaireacht farraige is fearr san Eoraip a dhéanamh in Acaill. Beireadh ar 34 speiceas éagsúil in uiscí Acla, an siorc gorm ina measc.

Cláir shurfála ar an gCaol, Oileán Acla, Éire


Spóirt Uisce
Tá uiscí Atlantaigh Acla thar a bheith go maith do shurfáil, cadhcáil farraige agus tumadóireacht scúba. Is áit iontach é loch an Chaoil do churachóireacht agus do chlársheoltóireacht.

Léiriú de Launching the Currach, le Paul Henry


Na hEalaíona
Is fada an achar í Acaill ag tabhairt spreagadh d'ealaíontóirí agus scríbhneoirí. Éalaigh chuig suaimhneas Acla agus tabhair d'intinn chruthaitheach chun beochta.