English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Gníomhaíochtaí > Na hEalaíona

Na hEalaíona in Acaill, Co. Mhaigh Eo, Éire


Plaic chuimhneacháin á nochtadh don ealaíontóir Paul Henry, Deireadh Fómhair 2003Le fada an lá tá inspioráid faighte ag ealaíontóirí agus scríbhneoirí ó thírdhreach breá Acla, spéir mhór an Atlantaigh agus an t-atmaisféar draíochtúil a bhaineann leis.

Chaith an t-ealaíontóir Éireannach Paul Henry beagnach deich mbliana in Acaill (1910-1919) agus tá a chuid péintéireachtaí de shaol an oileáin agus tírdhreach Acla ar crochadh i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann agus i mbailiúcháin eile mór la rá.

Chaith an t-ealaíontóir Meiriceánach Robert Henri roinnt samhraí in Acaill sna 1920idí, agus d'fhan sé i dTeach an Choire Mhóir ar thaobh shliabh Chruacháin. Rinne sé péintéireachtaí de na céadta páistí as an áit.

An tEanach, Oileán AclaIs minic a d'fhan an t-úrscéalaí Sasanach Graham Greene i dteachín i nDumha Acha, ar an taobh thiar d'Oileán Acla, go deireanach sna 1940idí agus ag tús na 1950idí. Deirtear gur in Acaill a chuir sé críoch leis an úrscéal 'The Heart of the Matter'.

Deireanach sna 1950idí tháinig an t-úrscéalaí Gearmánach Heinrich Boll go hAcaill in éineacht lena chlann. Ina dhiaidh sin scríobh sé scéal faoin chéad chuairt sin ar a dtugtar 'An Irish Journey'. Tugann an leabhar seo, a foilsíodh sa bhliain 1957, léargas suimiúil ar an saol in Acaill ag an am. D'fhill Boll ar Acaill sna samhraí le linn na 1960idí agus tús na 1970idí, áit a mbíodh sé ag fanacht i dteachín i nDumha Goirt ar an taobh ó thuaidh den oileán.

I measc na n-ealaíontóirí eile mór le rá a bhfuil roinnt dá gcuid oibre déanta acu in Acaill tá Darrell Figgis, Derek Hill, Charles Lamb agus Desmond Turner. Tá cónaí ar an ealaíontóir comhaimseartha Camille Souter in Acaill ó na 1960idí agus í ag obair ann chomh maith.