English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Nithe is díol spéise do thurasóirí > Galf

Galf in Acaill, Co. Mhaigh Eo, Éire


Galf ar an gCaol, Oileán Acla, ÉireTá Acaill suite ar chósta thiar na hÉireann, agus tá cuid de na machairí gailf is fearr ar domhan le fáil ann.

Is iontach an áit é le fanacht le haghaidh saoire gailf, mar go bhfuil rochtain ar mhachairí gailf i gCathair na Mart agus i mBéal an Mhuirthead (An Charn) chomh maith le cúrsaí áitiúla ar an Mala Raithní.

Galf ar an gCaol, Oileán Acla, ÉireTá machaire gailf naoi bpoll ag Club Gailf Acla ar an gCaol, i gcroílár Oileán Acla. Tá sé lonnaithe ar mhachaire, an t-ainm a thugtar ar fhéarthalamh cósta áirithe, ar thalamh cothrom in aice leis an trá stoirme, An Trá Mhór. Ón machaire gailf seo tá radharcra iontach ar Aillte Mhionnáin agus an Sliabh Mór. Tá sé oscailte do chuairteoirí agus tá rátaí thar a bheith réasúnach ann do tháillí an chúrsa. Is féidir galf dhá mhaide a imirt i dTeach Thóin an tSeanbhaile i dtuaisceart Acla, agus do theaghlaigh is féidir spraoi a bheith acu le galf mearaí ag bialann 'The Chalet' ar an gCaol.

Léarscáil de chúrsaí gailf in iarthar na hÉireannTá machaire gailf naoi bpoll freisin ar an Mala Raithní, agus é ag breathnú amach ar an trá le Brat Gorm.

Is féidir teacht ar roinnt cúrsaí gailf ar ardchaighdeán go héasca ó Acaill. Ina measc tá machaire gailf ocht bpoll déag sa Charn (Béal an Mhuirthead) agus cúrsa gailf chraobhchomórtais ocht bpoll déag i gCathair na Mart. Is féidir lá breá gailf a bheith ag daoine ar an dá chúrsa seo, agus is iontach an áit é Acaill do shaoire shuaimhneach gailf.

Níos faide ó bhaile tá cúrsaí gailf i gCaisleán an Bharraigh agus i mBéal an Átha (péire) agus i Sligeach tá cúrsa galf seacht bpoll is fiche ag An Ros agus an-tóir air.