English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Nithe is díol spéise do thurasóirí > Iascaireacht

Iascaireacht in Acaill, Co. Mhaigh Eo, Éire


Bád iascaireachta, Oileán Acla, ÉireIs féidir cuid den slatiascaireacht farraige is fearr san Eoraip a dhéanamh in uiscí Chuan Mó, ar chósta deisceartach Leithinis an Chorráin, agus uiscí Atlantaigh Oileán Acla. Fuarthas 34 speiceas iasc san iomlán san fharraige thart ar Acaill, ina measc bhí na taifid Éireannacha don craosaire (365 punt, i 1932) agus an siorc gorm (206 punt, i 1959).

Is féidir slatiascaireacht a dhéanamh le cladach i roinnt áiteanna in Acaill, iascaireacht cladaigh agus iascaireacht carraige araon. Bíonn roinnt bád iascaireachta ag iascach amach ó chuanta An Chloich Mhóir agus Poirtín. Is féidir ronnach (do bhaoite) a fháil ó iascairí áitiúla le linn an tséasúir.

Ag iascach ó charraigeacha, Oileán AclaIs fada atá ceangal ag Trá na Coime leis an slatiascaireacht agus bhí sé ag croílár an tionscail iascaireachta siorca le linn na 1950idí agus 1960idí. Sa lá atá inniu ann is féidir iascaireacht cladaigh a dhéanamh ann do thurbaid, dabaí, leitheanna, leathóga ballacha, fíogaidh agus sóil scaití. Nuair a chaitear amach an duán píosa fada faightear roic agus coidlíní. I measc na speiceas eile a fhaightear ó iascaireacht cladaigh agus carraige in Acaill tá glasáin, mangaigh, ballaigh, eascanna concair, fíogach beag, lannaigh aguus scaití beirtear ar bhric gheala agus ar bhasa.

I measc na mbreitheanna iasc mór le rá atá déanta tá glasán a bhí 17 punt meáchain, cnúdán gorm a bhí 6.2 punt meáchain agus mangach a bhí 12.3 punt meáchain.

Is féidir iascaireacht fionnuisce a dhéanamh ar roinnt lochanna in Acaill, ina measc loch an Chaoil agus An Loch Geal agus Loch na mBreac i dTóin an tSeanbhaile. Teastaíonn ceadúnais más mian leat iascaireacht a dhéanamh ar loch agus is féidir iad seo a fháil ó oifig Thurasóireacht Acla.