English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Stair Acla


Léiriú de theachín, Baile Tréigthe, Oileán AclaTéann lonnaíocht daonna ar Acaill siar 5000 bliain ar a laghad. Tugann fothracha na dtuamaí agus séadchomharthaí meigiliteacha le fios go raibh daoine Neoiliteacha lonnaithe anseo sa tríú nó sa cheathrú hAois BC. De thoradh na ndaoine seo a bheith san áit, bheadh an-athrú déanta acu ar thírdhreach na háite, a bheadh faoi fhoraois ag an am sin. Bheadh saothrú barr tugtha go hAcaill ag an gcultúr Neoiliteach, rud a chiallaigh go gcaithfí an fhoraois a ghlanadh do ghránbharra, agus bhí goirt le ballaí ag teastáil d'eallaigh. Meastar go raibh daonra de 500-1000 duine in Acaill faoi dheireadh na tréimhse Neoilití, thart ar 4000BC.

I measc na fianaise atá ann ar lonnaíocht ón gCré-Umhaois (c. 2000BC) in Acaill tá dromchla botháin agus córais ghoirt agus buailte a bhaineann leis i gceantar an tSléibhe Mhóir.

Le linn na hIarnaoise (c. 400BC) leathnaigh an lonnaíocht ar fud Oileán Acla. Léiríonn fothracha dúnta ag roinnt áiteanna feadh an chósta scaipeadh na ndaoine chomh maith le nádúr trodach an saoil ag an am.

Sa Luath-Thréimhse Mheánaoiseach a théann siar go dtí thart ar an gcúigiú hAois AD bheadh go leor leathnaithe tarlaithe sa talmhaíocht, go háirithe leis na huirlisí iarainn cosúil leis an gcéachta. Tá tuairisc faighte ar dhéantúsáin ón Luath-Mheánaois ag Trá na Coime, An Sliabh Mór, Cill Dhamhnait agus Acaill Bheag. Léirítear teacht na Críostaíochta go hÉirinn thart ar an am seo in dhá iarsma in Acaill: I gCill Dhamhnait, tá an séipéal ársa ainmnithe in onóir Naomh Damhnait, naomh ón seachtú hAois, agus ar an Sliabh Mór tá seansuíomh séipéil agus Tobar Beannaithe agus iad in onóir Naomh Colman, naomh a bhí ann sa seachtú hAois chomh maith.

Túr Ghráinne Mhaol i gCill Dhamhnait, Oileán AclaBhí Acaill i Riocht Umhall a bhí faoi riail ag amanna éagsúla ag roinnt teaghlaigh agus clanna ina measc na Buitléir, na Búrcaigh, muintir Uí Chonchubhair, muintir Uí Dhómhnaill agus is dóigh an dream a bhfuil an cháil is mó orthu, muintir Uí Mháille. Sa lá inniu is minic fós a bhíonn an t-ainm Uí Mháille le cloisteáil in Acaill, agus tá ceangal ag Clann Uí Mháille leis an gceantar ón dara hAois déag ar a laghad. Ba í Gráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille) (1530-1603) an duine is mó a raibh aithne uirthi ón teaghlach, Banríon mór le rá na bhFoghlaithe Mara. Faoina ceannasaíocht bhí muintir Uí Mháille i gceannas ar fharraige chósta an iarthair, chuir siad cánacha agus tobhaigh i bhfeidhm ar na loing ar fad a sheol tríd.

Sa 17ú hAois scaipeadh go leor teaghlaigh dúchasacha Éireannacha amach ar thalamh iargúlta agus garbh an iarthair de bharr an bánú a rinne Cromaill ar an talamh saibhir feirmeoireachta i dtuaisceart agus in oirthear na hÉireann. Táthar den tuairim go ndeachaigh go leor teaghlaigh Ultacha go hAcaill ag lorg tearmainn, agus is léiriú iad an líon sloinnte Ultacha atá ar Acaill sa lá inniu ar fhírinne an scéil seo. Is minic a chloistí ainmneacha cosúil le Gallachóir, Ó Dómhnaill, Corrigan, Cafferkey agus Mulloy in Acaill ach is in Uladh a shíolraigh siad sin an chéad lá riamh.

Stair Acla ar lean »