English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Nithe is díol spéise do thurasóirí > Trá na Coime

Trá na Coime, Acaill, Co. Mhaigh Eo, Éire


Trá na Coime, Oileán Acla, ÉireTá Trá na Coime, ag imeall iartharach Oileán Acla, ar cheann de na tránna is áille in Éirinn. Is féidir teacht air ar bhóthar thar shlí casta, ag barr na n-aillte ar thaobh shliabh Chruacháin. Is beag duine atá ag cur fúthu in aice le Trá na Coime (is é an t-aon fhoirgneamh atá ann stáisiún garda cósta a bhí ann tráth) agus is áit shíochánta í agus áit dheas le héalú ó shaol an 21ú hAois.

Ag croílár Trá na Coime tá trá álainn ghainmheach. Tá aillte le fáil ar thaobhanna na trá seo; fánaí shliabh Chruacháin ar an taobh oirthearach agus sparra ar a dtugtar Máiteog ar an iarthar. Ag barr an sparra seo, atá 200 méadar ar airde, tá teach faire an gharda cósta a bhí ann tráth. I gcás cnocadóirí, is é an spota seo tús le siúlóid 1.5km feadh bharr na n-aillte ag an mBinn Mhóir i dtreo Cheann Acla, an pointe is faide i dtreo an iarthair ar Oileán Acla.

Trá na Coime, Oileán AclaAg deireadh an ghleann céimneach ag Trá na Coime tá baile buaile Bun na hAbhann. Is éard atá anseo iarsmaí de thart ar 17 teachín chlocha chiorcalacha a úsáideadh roimhe seo mar áit chónaithe samhraidh d'aoirí a bhí ag breathnú i ndiaidh a mbeithigh agus iad ar féarach don samhradh.

Is iad fánaí Chruacháin (668 méadar) a fhoirmíonn balla oirthearach an ghleanna seo. Is éard atá in éadan tuaisceartach na sléibhe seo aillte géara, agus deirtear gurb iad na muiraillte is airde san Eoraip iad.

Tá dlúthcheangal ag Trá na Coime leis an iascaireacht. Ba ann a bhí formhór de thionscal iascaireachta siorcanna i rith na 1950idí agus na 1960idí. Ag an am sin ba mhinic a mbíodh an liamhán gréine le feiceáil ar snámh sna huiscí thart ar Thrá na Coime, agus rinneadh seilg air chun an ola ae a fháil uaidh, ola a bhí á heaspórtáil ó Acaill chun bealadh mín a chur ar fáil don tionscadal aeraspáis. Bhíodh formhór den iascaireacht seo ar siúl i gcuracha, na soithí traidisiúnta adhmaid a bhí clúdaithe le canbhás agus a bhain le hiarthar na hÉireann. Is dócha gurb é Trá na Coime an suíomh a d'úsáid an t-ealaíontóir Paul Henry nuair a phéinteáil seo a chanbhás clúiteach 'Launching the Currach' (in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Baile Átha Cliath).