English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Féilte > An Bhliain Nua

An Bhliain Nua


Luí na Gréine ag an gCaol, Oileán AclaTá Oileán Acla suite ag domhanleithead de thart ar 10 gcéim i dtreo an iarthair, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ar cheann de na pointí is iartharaí san Eoraip.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil Acaill ar cheann de na háiteanna deireanacha san Eoraip a fheiceann an ghrian ag dul faoi den uair dheireanach gach bliain. Ciallaíonn an suíomh seo, chomh maith leis an tírdhreach iontach agus spéir mhór an Atlantaigh, go bhfuil pointe féachána feiliúnach ag Acaill le slán a rá leis an seanbhliain agus fáilte a chur roimh an mBliain Nua.

Banna Píob Dhumha AchaTá traidisiún fada bannaí píob in Acaill; tá a mbanna píob agus drumaí féin ag a lán bailte; tá cuid acu bunaithe le os cionn 50 bliain. Ag meánoíche ar Oíche Chinn Bhliana fáiltíonn na bannaí seo roimh an mBliain Nua le cúrfá spreagúil nach féidir a ligean i ndearmad. Chomh maith leis sin bíonn ceol traidisiúnta agus nua-aimseartha agus siamsaíocht sna tithe tábhairne agus beáir i rith na Nollag agus tréimhse saoire na Bliana Nua.

Ar Lá Caille bíonn snámh bliantúil ar siúl in uiscí an Atlantaigh amach ó Acaill ag Dumha Goirt. Tá an snámh seo díreach ceart chun tús a chur le feachtas sláinte na Bliana Nua - nó is féidir leat díreach féachaint agus meas a bheith agat ar an misneach atá ag na daoine sin atá ag snámh!