English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil | Léarscáileanna & Taisteal | (*Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Féilte > Féile Geoltaí

Féile Geoltaí


Geoltaí AclaSraith bhliantúil de rásanna is ea Féile Geoltaí Acla (Cruinniú Bádóirí Acla) ina bhfuil rásanna le báid seoil geoltaí Acla. Báid seoil adhmaid thraidisiúnta atá sna soithí seo, agus bíonn na rásaí ar siúl sna huiscí thart ar Oileán Acla agus Leithinis an Chorráin.

Is foirne áitiúla a bhíonn mar chriú ar na geoltaí seo agus cuireann na rasaí iomaíocha seo spórt spleodrach ar fáil don lucht féachana chomh maith le ceangal díreach le hoidhreacht mhuirí Acla.

Geoltaí AclaIs iondúil a mbíonn Féile Geoltaí Acla ar siúl ó mhí Iúil go mí Mheán Fómhair gach bliain, agus bíonn rásaí ar siúl ar a laghad uair sa tseachtain, agus níos minice ná sin ag deireadh seachtainí bainc. Chun sceideal reatha de na rásaí a fháil féach ar láithreán gréasáin Fhéile Geoltaí Acla.

Le blianta beaga anuas tá méadú tagtha ar an suim atá ag daoine i ngeoltaí traidisiúnta Acla. Tá ceardlann nua bunaithe ar an Mala Raithní áit a bhfuil scileanna traidisiúnta tógáil báid á gcur ar aghaidh chuig glúin nua. Tugadh an chéad bhád a rinneadh sa cheardlann seo do chustaiméir i mBostún, sna Stáit Aontaithe in 2003. Chomh maith leis sin tá sé ar intinn acu Ionad Geoltaí buan a bhunú ag Gob an Choire.

Is éard atá mar aidhm ag an bhFéile Geoltaí cultúr na háite a chaomhnú, go háirithe úsáid na Gaeilge:

Tá Cumann Bádóirí Acla ag iarraidh cultúir agus traidisiúin an gheolta a chosaint agus a leathnú amach. Beidh béim á cur ar labhairt na Gaeilge sna himeachtaí seo.

Le cúpla bliain anuas tá líon na mbád méadaithe ó 3 go 13. Is é an cuspóir atá againn cur leis an bhfás iontach seo. Tuigeann Cumann Bádóirí Acla an tábhacht atá leis an gcultúr agus an teanga a chaomhnú. Beidh imeachtaí na Féile á reáchtáil trí mheán na Gaeilge. Baineann na sluaite a bhíonn i láthair ag na rásaí an-sásamh as an spórt ársa seo, as an scil iontach a bhaineann le gabháil na nGeoltaí agus an choimhlint ghéar a bhíonn ann le ceann scríbe a bhaint amach.