English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Féilte > Féile Siúlóidí

Féile Siúlóidí


Ag breathnú amach thar imeall na haille, An Sliabh Mhór. Féile Siúlóidí Acaill 2003Bíonn Féile Siúlóidí Acla ar siúl gach bliain i mí Márta, go hiondúil ar an deireadh seachtaine roimh Lá Fhéile Pádraig (17 Márta). In 2002 a bunaíodh Féile Siúlóidí Acla, agus tá sé anois mar imeacht socraithe i bhféilire siúlóidí na hÉireann.

In imeachtaí a bhí ar siúl go dtí seo bhí suas le 200 siúlóir páirteach i siúlóidí treoraithe agus féin-threoraithe le linn Féile Siúlóidí Acla. Chomh maith leis sin is minic a bhíonn siamsaíocht ar siúl sa tráthnóna mar chuid den Fhéile, taispeáint sleamhnán eolasach san áireamh.

Trá an Chaoil, Oileán AclaGné shuntasach ar leith d'Fhéile Siúlóidí Acla is ea ábhar na siúlóidí treoraithe. Seachas ceannaire a chur ar fáil chun é/í a leanúint, is duine gairmiúil áitiúil maidir le tóireacha allamuigh é/í an príomhthreoraí do Shiúlóidí Acla. Bíonn an-eolas go deo ag an treoraí seo ar stair agus béaloideas áitiúil, chomh maith le cáilíochtaí sa seandálaíocht agus is oiliúnóir gairmiúil i Scileanna Sléibhe é/í freisin. Tugann an treoraí cainteanna eolasacha agus siamsaíocha le linn na siúlóidí treoraithe, ag tarraingt aird ar na pointí spéise, stair áitiúil agus sonraí tíreolaíocha agus seandálaíocha. Ciallaíonn sé seo ar fad gur taithí siúlóide ar leith é Féile Siúlóidí Acla, i gceann de na suímh siúlóide is iontaí in Éirinn.

Dóibh siúd atá an-dáiríre faoin siúl, is féidir leo a gclár ama féin a leagan amach, agus tá siúlóidí féintreoraithe ar fáil i rith na Féile freisin. Tá treoirleabhar 84 leathanach, 'A Guide To Walking in Achill', le fáil ó Thurasóireacht Acla. Tá idir léarscáileanna agus treoracha maidir le 14 siúlóid chiorclacha thart ar Acaill le fáil sa leabhrán sin.