English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Baile | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Seo é Acaill, in iarthar na hÉireann

Léarscáil na hÉireann

Tá Acaill atá buailte ag an bhfarraige, greanta ag an ngaoth agus síobtha ag an mbáisteach, ar cheann de na háiteanna is iontaí agus is áille in Éirinn.

Tá aillte drámata, sléibhte arda, lochanna iargúlta agus tránna cúlráideacha le fáil i dtírdhreach creagach Acla - agus ceithre thrá le Brat Gorm acu.

Tá an tírdhreach ar leith seo feiliúnach do réimse leathan de ghníomhaíochtaí amuigh faoin aer, idir surfáil, clársheoltóireacht agus tumadóireacht scúba, cnocadóireacht, iascaireacht, galf agus go leor gníomhaíochtaí eile nach iad.

Is féidir cuairt a thabhairt ar Acaill agus a bheith chomh gníomhach agus is mian leat, nó is féidir cuairt a thabhairt ar Acaill agus do scíth a ligean, is fút féin atá sé. Tá os cionn dhá bhialann déag den scoth in Acaill agus bia úr na mara ón Atlantach mar bhia speisialtach iontu - agus cuireann úinéirí na dtithe tábhairne agus na mbeár fáilte Uí Cheallaigh roimh na cuairteoirí ar fad.

An tEanach, Oileán AclaTá rian na nglún ar fad atá imithe le fáil ar fud na háite in Acaill, idir thuamaí meigiliteacha agus ráthanna ársa, séipéil stairiúla agus bailte tréigthe.

I stair fhada Acla tá an t-uafás carachtar saibhir, idir Banríon na bhFoghlaithe Mara, Gráinne Mhaol agus ealaíontóirí agus scríbhneoirí, Paul Henry agus Heinrich Boll ina measc.
 

Chun eolas a fháil faoi lóistín, féach ar an liosta iomlán de lóistín ar Oileán Acla ar láithreán gréasáin Thurasóireacht Acla.